Béal Beo

Recordings from the National Folklore Collection

Cuach mo Londubh Bhuí

Speaker:
Éamon Ó Tuathail, 31 December 1929
Collector:
7:53" to 9.20 and 0.04" to 0.48"
Duration:
0:04" to 2:29"
References:
Ediphone_a017/018; NFC ÉÓT/13/46 and ÉÓT/24/103; see also Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster (Dublin 2003), 107ff.

A seasonal song popular in northern counties of Ireland, recorded from Eoin Ó Cianáin, Creggan, Co. Tyrone, in 1929.

Transcription

Bhí mise 's mo bhean ag gabháil 'un a' tórraimh,
Cuach a' londubh buí.

Cá hé a chas orainn ansin ach gruagach chúl an óir bhuí.
Cuach a' tsamhraidh bhuí.

D'fhiafraigh sé díom ar iníon dom an óigbhean.
Dúirt mé leis gurbh í mo bhean phósta í.
Cuach a' tsamhraidh bhuí.

D'fhiafraigh sé díom a dtabharfainn dó oíche nó dhó í
Dúirt me mura ndéanfainn sin leis go ndéanfainn an chóir leis.
Duine 'na gcoillte is duine 'na móinte
Agus cé'r bith againn a leanfadh sí bíodh sí go deo aige.

Ó lean sí an gruagach fríd na móinte
Lean sí an gruagach is thréig sí a fear pósta
Cuach a' londubh buí.

D'fhan sí ar shiúl uaim lán na gcúig ráithe
Agus tháinig sí ar ais chugam bolg gan náire
Cuach a' tsamhraidh bhuí.

A ghiolla udaí istigh goidé mar 'tá tú?
Ó a Dhia dhílis goidé dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait?

Chuirfinn cónra adhmaid ort lá ar bith báite,
Chuirfinn cónra airgid ... báite,
Cónra luaidhe ós í ba láidre,
Cuach a' londubh buí.

Luigh sé siar is fuair sé bás uaithi
Cuach a' londubh buí.

Duine ar mire cuireadh 'un a mhargaidh fá phunta de bharrach na cnáibe
Cuirfidh muid léine go bun a' dá lairc air
Cuach a' londubh buí.

Duine eile ar mire na coilleadh fá maide glas cuilinn 's maide glas fearnóige
Maidin a tórraimh is thóg siad suas é ar ghuailleadha arda
Caithigí insa díg is foisge don tsráid é
Ná as sin insa díg ar chúl an gharraí
Cuach an tsamhraidh bhuí.

Ó! Fuirí go fóill agus leagaigí ar lár mé go neosfaidh mé scéal beag ar na mná duibh
Scéal beag inniu agus scéal beag amárach
Is scéal beag eile achan lá go cionn ráithe.

Transcription of a second recording of the song Cuach mo Londubh Buí, from the same singer, by Éamon Ó Tuathail, in 1931.

Transcription of a second recording of the song Cuach mo Londubh Buí, from the same singer, by Éamon Ó Tuathail, in 1931.